Treoireacha do scríbhneoirí An Gael

  Seol ábhar chuig:  angael@optonline.net 

Bíonn fáilte roimh ábhar am ar bith, dá luaithe a bhíonn sé is amhlaidh is fearr é! Mura bhfuil spás le fáil in eagrán amháin, bíonn eagráin eile ina dhiaidh...

Seo na spriocanna tábhachtacha a mholtar:

Foilsítear eagrán nua sna míonna seo leanas: Meitheamh, Meán Fómhair, Nollaig, Márta. Mar sin, ba chóir aon ábhar do na heagráin sin a sheoladh isteach ag tús na míonna seo leanas nó níos luaithe: Bealtaine, Lúnasa, Samhain, Feabhra

Agus dár ndóigh, ba chóir tosnú ar aon rud a scríobh ar a laghad mí roimhe sin. Bímse, mar eagarthóir, ag pleanáil don chéad eagrán eile sula bhfoilsítear an ceann reatha, agus ba chóir do scríbhneoirí a bheith ag smaoineamh ar aghaigh i gcónaí freisin. An nós a bhíonn againn, go hiondúil, ná go mbíonn sos againn an mhí ina bhfoilsítear eagrán nua (mar dhea). Bímid ag scríobh an mhí dár gcionn, agus ag cur san iris (nó ag seoladh isteach) gach rud an mhí ina dhiaidh sin - mí roimh eagrán nua (ar a laghad). Bíonn mórán le déanamh ag an bhfoireann eagarthóireachta ina dhiaidh sin (féach ar an bhfíseán seo más suim duit conas a dhéantar An Gael: https://www.youtube.com/watch?v=VeYj80pO9t0)!

Seo na cuspóirí atá agam mar eagarthóir, agus moltaí d’aon duine ar mhaith leis/léi scríobh dúinn – Séamas Ó Neachtain

·         Iris atá oiriúnach do gach léitheoir is ea í seo, fiú daoine óga. Mar sin, má bhíonn aon rud gáirsiúil ann, ní mór nach dtuigfeadh páiste é. B’fhearr a leithéid a sheachaint mar bhunphrionsabal.

·         Iris a bhíonn measúil do gach éinne is ea í seo. Mar sin, más ábhar conspóideach atá idir lámha agat, ní mór duit a bheith cothrom agus gan mhaslaí, agus más féidir, an dá thaobh a mhíniú ar shlí nach gcuirfeadh isteach ar éinne. B’fhearr an chonspóid a sheachaint, má chuireann sé isteach ar dhaoine, ach níl aon chosc ar a leithéid, má dhéantar go béasach measúil é. Ní fhoilseofar aon rud díspeagach.

·         Ní iris acadúil í seo. Tá suim againn in ábhar ar bith, ach is lucht léite ginearálta atá i gceist, agus mar sin, ní mór go bhfuil stíl tarraingteach spraíúil ann.

·         Ní mór gur fíricí iad na fíricí a luaitear, dar ndóigh. Agus aon rud a mhaítear, ní mór go mínítear é chun bunús a chur leis (gan a bheith leadránach).

·         Is leis na húdair féin a gcuid tuairimí, agus ní chuirfear ladar an eagarthóra isteach orthu sin. B’fhearr scéalta ná tuairimí, ámh.

·         Is fearr a bheith dearfach ná diúltach i gcónaí, más féidir. Scríobh mar a scríobhfá do chara.

·         Is fearr linn ábhar nach raibh i gcló cheana, fiú ar an idirlíon.

·         Bíonn an cóipcheart ag an údar i gcónaí, mar is iondúil.