An Gael - Samhain 2008 / An Gael - November 2008

Samhain 2008  /  November 2008

Ag tuairisciú ar imeachtaí na Gaeilge timpeall an domhain!

Reporting on Irish language activities and events around the world!
 

AN GAEL-BREISE!

AN GAEL-EXTRA!

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael         
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

Suíomh Nua:  Iora Rua 

  

Tháinig sé seo isteach ónár gcairde ag Iora Rua, ár mball Elke Watson ina measc.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

"Seo chugat láithreán gréasáin Ghaeilge nua: www.iorarua.com.  Tá an togra seo á fhorbairt ag díograiseoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge.  Is suíomh uathúil é a chuireann síos ar ranganna/scoileanna agus acmhainní timpeall an domhain.  Ina theannta sin, cuireann sé béim ar úsáid na Gaeilge le hailt faoin chócaireacht agus gníomhaíochtaí eile dá leithéid.

Ní saoránach na Gaeltachta í Elke Watson, bunaitheoir an tsuímh, tá cónaí uirthi sna Sleibhte Gorma, in iarthar Sydney na hAstraíle.  Cé gur Gearmánach í, chuir sí an-suim agus spéis sa Ghaeilge.  Thosaigh sí ag foghlaim trí bliana o shin.  Mar fhoghlaimeoir, tá cleachtadh aici ar na deacrachtaí a bhaineann le scoileanna nó cursaí cuí a aimsiú ina baile féin.  Bíonn na grupaí níos eagraithe na laethanta seo don chuid is mó áfach, agus is minic a bhíonn láithreán gréasáin acu. 

Sí aidhm IoraRua.com ná eolas a bhailiú faoi ranganna ar fud na tíre agus leoga, ar fud an domhain.  Beidh an suíomh ina chuidiú mhór ag eagraíochtaí beaga chomh maith agus iad ag iarraidh pobal níos leithne a shroicheadh. 

Tá na catagoirí eile ann mar thaca d’fhoghlaimeoirí ag baint usáid as an Ghaeilge taobh amuigh den seomra ranga.  Tá dhá fhéilire ar díol chomh maith: féilire ealaíne agus féilire deisce. 

Is féilire den chéad scoth é an féilire ealaíne le 13 pictiúir ó Chaoimhghin Ó Croidheáin, ealaíontóir as Domhnach Bat.  Tagann an dearadh snasta go hálainn leis an ealaín mar aon leis an litreoireacht i ndúch miotalach ar ainmneacha na míonna. 

Is féilire deisce nuálach é ‘Tuigim Anois’.  Tá cártaí aonair inbhailithe ar taispeáint ann i gclúdach peirspéacs de mhéid CD.  Is maith a fheileann sé don oifig.  Tá féilire chun tosaigh air a chuidíonn le foghlaim laethanta na seachtaine agus míonna na bliana.  Tá cartúin fríd an féilire chomh maith le grinn agus nathanna cainte.  Ar chúl na gcártaí, tá ceithre chuid, roinnte de réir datha.  Míníonn siad coincheapanna grammadaigh go simplí agus go dathúil.  Cuidíonn siad a fheabhsú do stóras focal agus bogann na gníomhaíochtaí gairide i ‘Tuigim Anois’ foghlaim na Gaeilge ar shiúl ón téacsleabhar agus isteach sa ghnáthshaol.  Tá idir chócaireacht agus oragámaí ann. 

Gach seans gur aisteach duit ar dtús gur foghlaimeoir atá ag forbairt na hacmhainne foghlama seo, ach, is ag foghlaimeoirí atá taithí ar na deacrachtaí a bhaineann le foghlaim teanga.  Is ar na fadhbanna sin a dhíríonn sí a haird.  Tá saineolas ag Elke ar dearadh treorach agus oideachas aosach agus bíonn sí ag comhoibriú agus ag glacadh comhairle ó chainteoirí agus muinteoirí Gaeilge maidir le tionscnamh Iora Rua. 

Clíonn codanna eile an tsuímh le mana an Iora Rua ‘Teanga na Staire, Teanga an Todhchaí, Teanga an Lae Inniu’ agus iad ag tabhairt gníomhaíochtaí praiticiúla duit le híoslódáil. 

Tabhair cuairt ar www.iorarua.com, le do thoil, agus go bhfeice tú áiseanna agus gníomhaíochtaí. 

Go raibh céad míle maith agat,  - An Fhoireann Iora Rua"


 

A New Website:  Red Squirrel 

  

This came in from our friends at Iora Rua, including our member Elke Watson.  Go raibh maith agaibh, a chairde!

"A new website has been built:  www.iorarua.com.  This initiative has been put together by Irish language enthusiasts and learners.  It is a unique site that aims to show classes and events around the world as well as resources.  It also emphasizes the use of the language with a cooking section and other activities. 

The designer and founder of the website, Elke Watson, is not a citizen of the Gaeltacht, the Irish-speaking regions of Ireland.  Far from it.  She hails from the Blue Mountains, west of the greater Sydney metropolitan area.  Elke, an immigrant from Germany, started Irish lessons about three years ago and had difficulties in locating a group in her native city of Sydney.  Nowadays, many of the Australian groups are better organised and maintain a web presence. 

Iora Rua aims to collate information on class activities from around the country, and indeed, world-wide and also to enable smaller organisations to increase their reach by posting their details to the website.  

Further categories are dedicated to support for learners, using language skills outside the classroom, as well as selling two Irish-language calendars: an art calendar and a desk calendar. 

The art calendar is a product of the highest quality; featuring paintings of Donabate-based artist Caoimghin Ó Croidheáin.  They are beautifully complemented by a classy design with metallic-ink lettering for the names of the months. 

The innovative desk calendar 'Tuigim Anois!' consists of individual collectible cards that are displayed in a perspex CD-sized stand, and is ideal for office desks.  On the front page is a calendar in Irish which will help you memorise the days and months 'as Gaeilge', as well as a cartoon with a caption in Irish.  Contained on the back pages are cards divided into colour-coded sections.  They explain grammatical concepts in a colourful and user-friendly way, help you build your vocabulary, and the activities contained in 'Tuigim Anois!' move the Irish beyond the textbook and into your everyday life with cooking and handicraft activities like oragami. 

At first it may seem peculiar that a learner is developing these instructional materials, but, learners are experienced with the difficulties of learning a language.  These difficulties prompted her to develop material specifically targeting such topics.  Her background in instructional design and adult education coupled with advice and help from Irish speakers and teachers are further assets to the project. 

Other parts of the site relate to the motto “Language with History, language with a Future, language of Today” while providing practical activities for you for download. 

Please visit www.iorarua.com, and see the resources and activities on offer. 

Thank you very much, - The Iora Rua Team"


Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

 


Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:

1.  tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;

2.  athbheochan agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.

Chun teacht isteach inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce ar an idirlíon, cliogáil ar SCOIL .

Chun teacht isteach inár gCumann, cliogáil ar CUMANN .
 


 


The Goals of the Philo-Celtic Society:

1.  the support, strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion, teaching, and renaissance of the Irish language as a living language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in America and throughout the world;

2.  the renaissance and re-establishment of Irish as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment.

To join our Community and to join our free Philo-Celtic Society School on the internet, click on SCHOOL .

To join our Society, click on SOCIETY .
 

 

Coipcheart (c) 2008.  Gach ceart faoi choimeád.
  

 

Copyright (c) 2008.  All Rights Reserved.
 

AN GAEL-BREISE! - AG TUAIRISCIÚ AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!

AN GAEL-EXTRA! - REPORTING ON IRISH LANGUAGE ACTIVITIES AROUND THE WORLD!

Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since
November 1, 2004