An Gael - Samhain 2008 / An Gael - November 2008

Samhain 2008  /  November 2008

Ag tuairisciú ar imeachtaí na Gaeilge timpeall an domhain!

Reporting on Irish language activities and events around the world!
 

AN GAEL-BREISE!

AN GAEL-EXTRA!

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael         
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine


Ar fáil anois:  Filíocht Ghrá na Gaeilge
Eagartha le Ciarán Mac Murchaidh
Praghas: €20 (bog); €30 (crua)

Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné den ghrá sna dánta agus sna hamhráin seo - meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath.

Tá cumhacht mhothálach na bhfilí féin go mór chun cinn agus iad ag céiliúradh chastacht an ghrá.  Breacann Ciarán Mac Murchaidh an comhthéacs liteartha inar cumadh na dánta sainiúla seo agus cuireann brí nua i dtéacsanna clasaiceacha do phobal úr.  Maisithe go healaíonta ag Anna Nielsen.

Rugadh Ciarán Mac Murchaidh ar An Iompú Deiseal i gCo. Fhear Manach.  Tá sé ina léachtóir ar fhoireann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ó Eanáir 1998 i leith. Is i litríocht chráifeach an 18ú hAois is mó a bhfuil a chuid suime.  Tá aistí agus léirmheasanna leis foilsithe in irisí éagsúla.  Tá roinnt cláracha faoi chúrsaí litríochta agus chúrsaí Gaeilge i gcoitinne taifeadta aige le RTÉ, BBC Uladh, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life.  Ainmníodh a shaothar, Lón Anama, ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin / Leabhar Gaeilge na Bliana (2006).  Tá cónaí air i gCo. Chill Dara.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar www.coislife.ie/ nó téigh i dteagmháil le Liam Carson ag liamog62@mac.com, nó 087-291-2797 agus 01-832-9594.


 

Now available:  Love Poems in Irish
Edited by Ciarán Mac Murchaidh
Price: €20 (soft); €30 (hard)

This is a comprehensive anthology which tracks the tradition of love poetry in Irish from the earliest ages to modern times.  Here is insight into the passion and power of love.  Every aspect of love is discussed in these poems and songs - the heady rush of first love; love's fun and levity; sorrow and heartbreakunrequited love; and the thin line between love and hate.

Editor Ciarán Mac Murchaidh brilliantly places this literature within its historical context, injecting new life into classic texts. The passion of the poets themselves is always to the fore as they travel love's twisted highways. Anna's Nielsen's illustrations add a playful new dimension.

Ciarán Mac Murchaidh was born in An Iompú Deiseal in Co. Fermanagh.  He has been a lecturer in the Irish Department of St. Patrick's College, Drumcondra since January 1998.  His main area of interest is the religious literature of the 18th century.  His articles and reviews have been published in various journals.  He has recorded many programmes about Irish literature with RTÉ, BBC Ulster, Raidió na Gaeltachta and Raidió na Life.  His work, Lón Anama, was named on the shortlist of Gradam Uí Shúileabháin / Irish Books of the Year (2006).  He lives in Co. Kildare.

To obtain more information, see www.coislife.ie/ or contact Liam Carson at liamog62@mac.com, or 087-291-2797 and 01-832-9594.

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

 


Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:

1.  tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;

2.  athbheochan agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.

Chun teacht isteach inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce ar an idirlíon, cliogáil ar SCOIL .

Chun teacht isteach inár gCumann, cliogáil ar CUMANN .
 


 


The Goals of the Philo-Celtic Society:

1.  the support, strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion, teaching, and renaissance of the Irish language as a living language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in America and throughout the world;

2.  the renaissance and re-establishment of Irish as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment.

To join our Community and to join our free Philo-Celtic Society School on the internet, click on SCHOOL .

To join our Society, click on SOCIETY .
 

 

Coipcheart (c) 2008.  Gach ceart faoi choimeád.
  

 

Copyright (c) 2008.  All Rights Reserved.
 

AN GAEL-BREISE! - AG TUAIRISCIÚ AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!

AN GAEL-EXTRA! - REPORTING ON IRISH LANGUAGE ACTIVITIES AROUND THE WORLD!

Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since
November 1, 2004