Samhain 2008 /
November 2008
Ag tuairisciú ar
imeachtaí na Gaeilge timpeall an domhain!
Reporting on Irish language
activities and events around the world!
|
|
AN GAEL-BREISE!
AN GAEL-EXTRA! |
Naisc Thapaidhe:
Cumann Carad
na Gaeilge |
Ár Scoil Shaor In Aisce |
Podchraoladh |
An Iris An Gael
Quick Links:
The
Philo-Celtic Society |
Our Free Irish Language School |
Podcasting |
An Gael Magazine
Cuimhneacháin ar Nollaig Ó Gadhra i Nua Eabhrach
ar 16ú Samhain 2008
Údar Gaelach, tuairisceoir,
taighdeoir, léachtóir, agus iar-Uachtarán
Chonradh na Gaeilge ab ea Nollaig Ó Gadhra a
d'éag le gairid. Beidh lón chuimhneacháin
ina onóir ar 11 r.n. Dé Domhnaigh, 16 Samhain,
in Ó Lunney's i gCearnóg an Ama i Nua-Eabhrach
ag 145 Sráid 45 Thiar – díreach soir ón
tSlíleathan.
Is iad Cairde na Teanga atá ag cur an teacht le
chéile so ar fáil agus tá sé ath-ainmnithe Lón
Nollag Uí Ghadhra ina onóir. Is é fear an tí
Séamas Ó Neachtain ó Chumann Carad na Gaeilge.
Bronnfar Duais Eoghain Uí Ghramhna don té atá
gníomhach ag craobhscaoileadh na Teanga ar
Mháire Holtaig Bean Uí Mhórdha ó Chonartha na
Gaeilge an Bhronx as leath chéad bliain ag obair
ar son na Teanga. Beidh aoi faoi leith,
baintreach Nollag, Máirín Uí Ghadhra in éineacht
linn chomh maith agus a hiníon agus a cliamhain.
Údar ilchumasach ab ea Nollaig Ó Gadhra a chuir
mórán oibre ós comhair na ndaoine i nGaeilge
agus i mBéarla. Ar a chuid oibre as Gaeilge, tá
beathaisnéis Méara Uí Dhálaigh ó Shiceagó agus
Gandhi ón Ind. Moladh a leabhar The Civil War in
Connacht go mór, agus tá sé sin ar chlár
léite Bhórd Oideachais na hÉireann i gcomhair
Ard-Teistiméireachta. Níorbh aon strainséir
Nollaig anseo sna Stáit Aontaithe ach oiread tar
éis staidéir ar Harvard agus mar léachtóir ar
fud na tíre. Mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge
bhí sé sár-ghníomhach ag cur iachaill ar Aontas
Eorpach glacadh leis an Teanga Ghaelach mar
theanga oifigiúil Eorpach. Ba ghníomh
an-tábhachtach é seo i gcúrsaí airgeadais agus
eacnamaíochta na hÉireann mar tá sé riachtanach
trí theanga oifigiúil a bheith ar eolas ag an té
a bheidh ag iarraidh poist san A.E.
Anois, dá mbeadh eolas ar Shacsbhéarla agus
Ghaeilge ag scoláire as Éirinn, níor ghá ach
teanga amháin eile (Fraincis no Gearmáinis 7rl )
a fhoghlaim chun post a shlánú.
Tá an ocáid seo faoi chomaoin chonarthaí atá
páirteach i gcraobhscaoileadh cultúir agus
teanga na hÉireann. Ina imeasc san tá Conradh
na Gaeilge an Bhronx agus Comhairle na gCumann
Gaelach. Is é an bia atá ar fáil ná bia
cáiliúil bricfeasta Ó Lunney's nach bhfuil ach
tamall beag, trí bhloc ó Shráid 42 ag Cearnóg an
Ama. Féach
www.olunneys.com. Sé'n táille daichead
dolléir ($40) agus dein an seic amach do '1798
Committee' agus cuir sa phost é go dtí Cairde na
Teanga, c/o Liam Murphy, P.O. Box 7, Irvington, New York
10533. Má tá eolas
eile uait cuir glaoch gutháin ar Liam Ó
Murchadha ar (914) 760 4525 nó téigh go dtí
www.irishfreedom.net.
|
|
Nollaig Ó Gadhra To Be
Remembered in New York November 16, 2008
Irish author, commentator, researcher, lecturer, and past
President of Conradh na Gaeilge (the Gaelic League), the
late Nollaig Ó Gadhra, will be remembered at a luncheon
in his honor at 11 AM on Sunday, November 16th at
O’Lunney’s Times Square Pub in New York City at 145 West
45th Street – just east of Broadway.
The event,
sponsored by Friends of the Irish
Language, has been re-named Lón Nollag Uí Ghadhra in
his honor. The Master of Ceremonies will be Séamas Ó Neachtain of
The Philo-Celtic
Society. The Eoghan O’Growney Award for the support and
propagation of the Irish language will be presented to
Mary Holt Moore of the Bronx Gaelic League, in
recognition of more than half-a-century of such work.
The special guest for this occasion will be Máirín Bean
Uí Ghadhra, Nollaig’s widow, who will be attending with
her daughter and son-in-law.
Nollaig Ó Gadhra was the author of many works, both in
Irish and in English. Among his Irish books are
biographies of Mayor Daly of Chicago and of Gandhi.
His book The Civil War in Connacht was greatly
praised, and adopted by
the Irish Ministry for Education as a reading for the
Leaving Certificate. Nollaig was no stranger to
America, having studied at Harvard University and having
lectured throughout the country. As President of Conradh na Gaeilge he led the fight to get
the European Union (EU) to recognize Irish as an official European language. This was a matter of
great economic significance in that in the EU certain
jobs require facility in at least three European
languages. This means that Irish school leavers or
university graduates who have studied both Irish and
English throughout their education need only have
studied one additional foreign language (e.g., French,
German, etc.) to meet the language qualification.
The event is supported by members of organizations which
support the promulgation of the Irish language,
including the Bronx Gaelic League and the Council of
Gaelic Societies. The fare will be O’Lunney’s famous
Irish breakfast. The nearest subway stop to O’Lunney’s
is only about three blocks away at 42nd Street at Times
Square. See
www.olunneys.com. The cost is $40. Checks can
be made out to the 1798 Committee, and sent to Cairde na
Teanga c/o Liam Murphy, P.O. Box 7, Irvington, New York
10533. If you would like more information, call Liam
Murphy at (914) 760-4525, or go to
www.irishfreedom.net.
|
|
|
 |
|
 |
Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:
1. tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh,
craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na
Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na
nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;
2. athbheochan agus aththionscnamh na
Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.
Chun teacht isteach
inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor
in aisce ar an idirlíon, cliogáil
ar
SCOIL
.
Chun teacht isteach
inár gCumann, cliogáil ar
CUMANN
.
|
|
The Goals
of the Philo-Celtic Society:
1.
the support,
strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion,
teaching, and renaissance of the Irish language as a living
language amongst the Children of the Gaeil and friends of the
Gaeil, in America and throughout the world;
2.
the renaissance and re-establishment of Irish as the living
spoken language of Ireland with English as an accompaniment.
To join our Community and to join our free Philo-Celtic
Society School on the internet, click
on
SCHOOL .
To join our Society, click on
SOCIETY .
|
 |
|
 |
Coipcheart (c) 2008.
Gach ceart faoi choimeád.
|
|
Copyright (c) 2008.
All Rights Reserved.
|
|
AN GAEL-BREISE! - AG
TUAIRISCIÚ AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!
AN GAEL-EXTRA!
- REPORTING ON IRISH LANGUAGE ACTIVITIES AROUND THE WORLD! |
|
|