An Gael - Samhain 2008 / An Gael - November 2008

  

Ag tuairisciú ar imeachtaí na Gaeilge timpeall an domhain!

Reporting on Irish language activities and events around the world!
 

AN GAEL-BREISE!

AN GAEL-EXTRA!

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael         
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

 


An t-úrscéal Cogadh Dearg le Séamas Ó Neachtain ar fáil anois ag Coiscéim
 

Achoimre.  Thug an Gorta Mór ar Sheán Ó Ceallaigh teacht go Meiriceá.  Anois is saighdiúir é in arm an Aontais agus an cogadh cathartha faoi lánseoil.  Troideann sé féin, a chara Willy Keane, agus a chomrádaithe eile i gcathanna deacracha fuilteacha, Gettysburg san áireamh.  Is iomaí duine nach bhfilleann ó mhachaire an áir agus cinniúint na Stát Aontaithe á socrú. 

Tugann Seán cuntas beo ar na heachtraí seo agus iad ar siúl.  Nuair a thagann deireadh le tréimhse Sheáin san arm, nil deireadh lena chuid fadhbanna.  Maireann sé tri bhlianta guagacha ina bheatha féin agus i stair na Stát Aontaithe, agus trí athruithe móra ar shaol na nGael-Mheiriceánach. 

Ach ní dhéantar dearmad ar chúrsaí corracha na hÉireann, ó fheachtais na bhFíníní go hÉirí Amach 1916. Scéal duine amháin agus a chairde a insítear anseo, ach is scéal pobail freisin é agus scéal tíre.  Stair eipiceach a ríomhtar san úrscéal seo, ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach, ó Réabhlóid amháin go réabhlóid eile.

An t-Údar.  Rugadh agus togadh Séamas Ó Neachtain i Meiriceá.   Tá leabhar leis foilsithe, agus bíonn saothar leis ar Comhar, Feasta, Lá Nua agus an National Hibernian Digest.   Tá dlúthdhiosca ceoil curtha amach aige freisin.   Is ball gníomhach de Chumann Carad na Gaeilge é, agus múinteoir Gaeilge ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín i mBablón, Inis Fada, Nua-Eabhrac.   Tá Cogadh Dearg bunaithe ar shaol a shinsir William H.  Keane.


Chun cóip den úrscéal seo a fháil, téigh go dtí 
 Cogadh Dearg ag Coiscéim.


 

William H. Keane

     

Naisc Thapaidhe:  Cumann Carad na Gaeilge | Ár Scoil Shaor In Aisce | Podchraoladh | An Iris An Gael
Quick Links:  The Philo-Celtic Society  |  Our Free Irish Language School  |  Podcasting An Gael Magazine

 


Cuspóirí Chumann Carad na Gaeilge:

1.  tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain;

2.  athbheochan agus aththionscnamh na Gaeilge mar theanga labhartha bheo na hÉireann le Sacsbhéarla mar thionlacan.

Chun teacht isteach inár gComhphobal agus inár Scoil Chumann Carad na Gaeilge shaor in aisce ar an idirlíon, cliogáil ar SCOIL .

Chun teacht isteach inár gCumann, cliogáil ar CUMANN .
 


 


The Goals of the Philo-Celtic Society:

1.  the support, strengthening, promotion, practice, broadcast, expansion, teaching, and renaissance of the Irish language as a living language amongst the Children of the Gaeil and friends of the Gaeil, in America and throughout the world;

2.  the renaissance and re-establishment of Irish as the living spoken language of Ireland with English as an accompaniment.

To join our Community and to join our free Philo-Celtic Society School on the internet, click on SCHOOL .

To join our Society, click on SOCIETY .
 

 

Coipcheart (c) 2008.  Gach ceart faoi choimeád.
  

 

Copyright (c) 2008.  All Rights Reserved.
 

AN GAEL-BREISE! - AG TUAIRISCIÚ AR IMEACHTAÍ NA GAEILGE TIMPEALL AN DOMHAIN!

AN GAEL-EXTRA! - REPORTING ON IRISH LANGUAGE ACTIVITIES AROUND THE WORLD!

Uimhir Bhuillí Ó
1 Samhain, 2004
Free Web Site Counter
Number Of Hits Since
November 1, 2004